10 March, 2010

Home | As Gaeilge

latest news
cer logo
Download and Install Browsealoud
valid xhtml
W3C valid CSS
contact us

Réamhrá

Fáilte chuig energycustomers.ie, an suíomh ghréasáin ón Choimisiún um Rialáil Fuinnimh do chustaiméirí cónaitheacha.

Tá an t-eolas ar an suíomh seo á chur ar fáil le comhairle agus le cúnamh bunúsach a sholáthar maidir le leictreachas and gás agus maidir le hábhair atá gaolmhar. Tá sé mar aidhm ag an suíomh seo a bheith ina fhoinse eolais agus chabhrach dóibh siúd atá suim acu san ábhar.


Cé hé sinn?

Bunaíodh  An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh i 1999 chun an earnál leictreachais  a rialáil.  Leathnaíodh a chumhacht i 2002 chun deighleáil le ghás nádurtha.

Tá sé de dhualgas orainn oibriú ar son chustaimeirí leictreachais agus gháis.  Táimid neamhspleach ar an earnáil fuinnimh. 

Tá triúr choimisinéirí mar baill den  Choimisiun.  Is é Michael G. Tutty an Cathaoirleach.  Is iad an dhá choimisineir eile ná Tom Reeves agus Dermot Nolan. 

An Coimisiún

 Michael G. Tutty Photograph

 Tom Reeves

 Dermot Nolan

Michael G. Tutty
Cathaoirleach

Tom Reeves
Coimisinéir

Dermot Nolan
Coimisinéir


Our Values

Tá an Coimisiún tiomanta chun ár bhfeidhmeanna a chur i gcrích i mbealach cóir neamhchlaonta cothrom agus trédhearcach. Cuirfimid seirbhís ghairmiúil agus éifeachtúil ar fáil dár bpáirtithe leasmhara go léir agus feidhmeoimid go hiontaofa agus go neamhchlaonta an t-am go léir.

Ráiteas Misin an CRF

I ndomhan ina bhfuil soláthar agus praghsanna fuinnimh sár-luaineach, is é misean an CRF, agus é ag feidhmiú ar mhaithe le leas na dtomhaltóirí, ná a chinntiú:

  • go bhfanann na soilse ar lasadh,
  • go leanann sreabhadh an gháis ar aghaidh,
  • go mbíonn na praghsanna a ghearrtar cóir agus réasúnta,
  • go gcosnaítear an comhshaol, agus
  • go gcuirtear leictreachas agus gás ar fáil go sábháilte.

Ról na Foirne do Custaiméirí

Is é ról an Energy Customers Team  ná athbhreithniú neamhspléach a

dhéanamh ar ghearáin a chuireann custaiméirí isteach chun dearbhú a thabhairt gur tugadh aird ar dheacrachtaí atá acu lena soláthraí nó oibreoir líonra, de réir rialacha agus pholasaithe an tionscail. Sa chás go gcreideann custaiméir nach ndearadh a sholáthraí nó oibritheoir líonra deileáil oiriúnach lena ghearán, d’fhéadfadh an Energy Customers Team  fiosrú iomlán a dhéanamh ar an deacracht a bhí ag an gcustaiméir le seiceáil an bhfuil gearán dlisteanach aige/aici. Chomh maith le hathbhreithniú a dhéanamh ar cheisteanna agus gearáin na gcustaiméirí, cuireann an Energy Customers Team  ionchur ar fáil do pholasaí tionscaoil tríd an monatóireacht a dhéanann siad ar ghearáin agus deacrachtaí comónta a bhíonn ag custaiméirí.


Energy Customers Team
An Coimisiún um Rialáil Fuinnimh
An Malartán
Cearnóg Belgard Thuaidh
Tamhlacht
Baile Átha Cliath 24

Guthán : 1890 404 40
Facs : 01 4000 850

Ríomhphost : email us

©Copyright CER 2008
powered by odinology